ACMHAINN LUACHACH Cóipleabhair ó Bhailiúchán na Scol. Pic: Cnuasach Bhéaloideas Éireann sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Cosúil lenár dteanga, tá ár n-oidhreacht shaibhir faoi bhrú ó fhórsaí an tsaoil nua-aimseartha. Sa lá atá inniu ann, is trí mheán an Bhéarla a dhéantar an chuid is mó dár gcumsaráid laethúil - mar shampla, nuachtáin, teilifís agus na meáin shóisialta. B’fhéidir go bhfuil go leor le foghlaim againn ón am atá caite agus ó na daoine a tháinig romhainn.
Cuireadh tús i mí Iúil, 1937 le scéim mhór chun béaloideas a chruinniú sna scoilteacha náisiúnta ar fud na tíre. Ba é an Coimisiún Bhéaloideasa Éireann a thionscain an obair agus bhí treoir tugtha faoin chineál ábhar a bhí le cruinniú – scéalta, amhráin, seanfhocail, paidreacha, seanchas áitiúil, áitainmneacha, piseoga agus cuid mhór nithe eile. Ar ndóigh, bhí scoil teacha Acla i measc na scol agus beidh úsáid á bhaint as an fhoinse eolais seo sna haltanna atá le teacht mar tá an oiread saibhris béaloideasa le fáil ann a thugann blaisiú iontach dúinn ar an tsaghas saoil agus meoin an phobail ag an am. Tá Bailiúchán na Scol ar fáil ar an idirlíon ag dúchas.ie.
Tá an t-ádh dearg orainn go bhfuil cartlann mar seo againn mar léiríonn sí oidhreacht agus Gaeilge shaibhir Acla dúinn. Ón am a scríobh na páistí na píosaí seo, tá athrú mór tagtha ar an tsaol – leictreachas, córas uisce reatha, teilifís agus an idirlíon. Tá saol an-difriúil againn in Acaill anois ná a bhí ag na páistí scoile na linne sin. A bhuíochas dófa agus dá muintir a chuidigh leofa, tá foinse luachmhar againn a chothaíon nasc muid láidir idir stair na háite, scéalta ár sinsear agus ár n-oidhreacht.
Is minic a chloistear in Acaill tagairt do na naoimh – sna reiligí, sna logainmneacha, sna scéalta agus san mhiotaseolaíocht áitiúil. Tagann na scéalta ónár muintir agus deirtear gur tháinig go leor de na scéalta seo ón am phágánach roimh an Chríostaíocht. Úsáideadh na scéalta agus gníomhaíocht na naomh seo chun ciall a bhaint as an domhan mórthimpeall orthu agus tá siad fós á n-úsáid. Is beag eolas atá ar fáil ar Acaill sa stair agus mar sin caithfear brath ar bhéaloideas na ndaoine maidir lé h-eachtraí a tharla níos faide siar ná cúpla céad bliain ó shin.
Seo a leanas píosa den mhéid a scríobh páiste scoile ó Scoil an Doirín faoi naoimh na hAcla do thógra Bailiúchán na Scol (1937-38), aistrithe go litriú Ghaeilge na linne seo.
“Deirtear go dtáinig beirt cailín agus gur chuireadar futha san áit a dtugtar Cill Damnait anois uirthi. Do réir an bhéaloideasa b’as Oileán Cliara dóibh agus bhí a n-athair ana shaibhir ach thréigeadar gach rud ar son Dé. Bhí tobar beannaithe acu ann agus tá fothracha sean séipéil ann go dtí an lá inniu. Thíos ins an gcladach ag an gcúinne thiar-theas de’n reilig atá an tobar seo agus is féidir leis an bhfarraige teacht isteach ann. Tugtar turas chuige lá Mhuire Mhór sa bhfóghmhar.
“Chonnaic Tiarna talamh na daoine a tabhairt turas ar an dtobar agus cheistigh sé ina thaobh. Tugadh gach eolas dó agus ansin d’orduigh sé do bheirt dhá lucht oibre an tobar a líonadh. Nuair a chaitheadar an céad sgiobán isteach san tobar d’iompaigh an t-uisce ina fhuil. Ní gá a rádh nár líonadh an tobar”
“I dtaobh Naomh Damhnait, tá iarsma a séipéil le feiceál go fóill agus chuala muid scéal eile ar fad fúithi nuair a bhí muid ar scoil agus b’fhéidir go mbeidh daoine ábalta cuidiú linn fírinne an scéil a aimsiú. Ba chuig an séipéal sin a théadh muintir an Chorráin lena mbáid bheaga blianta ó shin – go dtí gur tógadh a séipéal féin sna Caoigidí. Ins an reilic sin, cuireadh daoine cáiliúla cosúil leis an tAthair Micheál Ó Gallchóir agus tá uaigheanna ann a bhain le trágóidí Chuain Mhodh (1894) agus Kirkintolloch (1937).
“Tháinic Naomh eile go h-Íochtar Acla darbh ainm Naomh Mionnán. Rinne sé tobar beannaithe ann agus tugtar Cnoc Mhionnán mar ainm ar an gcnoc atá ann. Bhí an tobar ar abord na farraige agus bhí aill mhór ann agus tugtar Dubh Chinn Aille mar ainm air. Tháinic Sasannach lá agus chaith sé salachar éicint isteach ins an tobar agus do thriomaigh sé. Chaill an fear a chiall mar gheall ar an tobar a shalú agus d’eag sé.”
Maidir leis an méid a scríobhadh faoi Naomh Mionnán, níor airigh muid trácht ar an naomh sin go dtí gur léigh muid sin. Sa tagairt a rinne PW Joyce ina leabhar, luaigh sé gur ó Naomh Fionnán a tháinig an t-ainm Mionnán. Úsaideadh ‘mo Fhionnán’ agus síleadh gurbh é ‘Mionnán’ a bhí ráite. Dúirt Joyce freisin go raibh tobar Fhionnáin cóngarach do bhaile Dhumha Cinn Aille ach níl muid cinnte faoi cén áit go díreach. Beidh fáilte roimh chuidiú.
Scríofa ag Síle Ní Bharúil ó Pobal Ghaeilg Acla
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.